Fáilte ó Rialtas na hÉireann

Eamon Gilmore

Is cúis áthais dom fáilte a chur romhat chuig suíomh gréasáin do Theastas oifigiúil Oidhreachta na hÉireann de chuid Rialtas na hÉireann.

De réir meastacháin reatha, maíonn níos mó ná 70 milliún duine ar fud an domhain gur de shliocht Éireannach iad. I mo ról mar Thánaiste na hÉireann (Leas-PhríomhAire) agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, bíonn sé de phribhléid agam casadh le daoine de shliocht Éireannach ar fud an domhain, agus cloisteáil faoina ngaolmhaireacht ar leith le hÉirinn.

Rinneadh roinnt ceangail le déanaí, ach mhair ceangail eile ar feadh na céadta bliana. Ach is é atá i gcomhpháirt acu go léir ná gur mhian leo na snaidhmeanna idir a mbaile agus a n-oidhreacht a threisiú agus stair, cultúr, teanga agus spórt na hÉireann a cheiliúradh. Fearaim romhaibh go léir fáilte traidisiúnta teacht abhaile, is é do bheatha abhaile – beidh fáilte romhaibh i gcónaí, tá sibh sa bhaile.

Tá Rialtas na hÉireann tiomanta lenár gcaidreamh le hÉireannaigh agus le daoine de shliocht Éireannach ar fud an domhain a fheabhsú agus na cáilíochtaí is fearr sa tír a chur chun tosaigh. Agus muid ag oibriú as lámha a chéile déanfaimid cinnte de go leanfar leis an meas agus leis an moladh a ghnóthaigh ár muintir agus ár gcultúr ar fud an domhain.

Le Teastas nua Oidhreachta na hÉireann tá Stáit na hÉireann ag léiriú go dtuigimid cé chomh tábhachtach is atá an buancheangal láidir idir Éire agus na mílte duine ar fud an domhain.

Soláthraíonn dearaí an Teastais, agus iad spreagtha ag an stair agus ag an tír, cúlra d'íomhá iontach d'oidhreacht agus do leagáid do shinsear.

Tá súil agam agus tú ag déanamh iarratais ar an Teastas seo, go mbeidh deis agat tuilleadh a fhoghlaim faoi stair do mhuintir, faoi d'oidhreacht féin agus faoi Éire.

Eamon Mac Giollamóir

Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála